Oscailt
Anseo, ní tharlaíonn aon rud. Níl aon rud le cur ina cheart, ná le leagan. Níl aon léirmhíniú ag teacht. Ná conclúid. Seo ceann scaoilte de shnáithe focal a bhí tráth ina bhfuaimeanna. Fuaimeanna a bhíodh ag macalla anseo is ansiúd tríd an gcruinne, i gcúinne éigin den spás, nó b'fhéidir i gcúinne éigin de shamhlaíocht an duine. Anois, agus na línte seo ag gabháil thar do shúile, tá fuinneamh na bhfuaimeanna sin ídithe le fada, agus níl fágtha ach a rian taibhsiúil ar an leathanach. Tá gach ceann acu ina thost. Na fuaimeanna go léir, agus b'fhéidir an domhan sin ar fad freisin, agus a chuid daoine. B'fhéidir, fiú, nach bhfuil anáil tarraingthe le fada an lá ag an intinn a bhreac na fuaimeanna seo ar an bpáipéar. Faoi mar a chuaigh an nóiméad seo féin thart agus tú ag léamh na habairte seo, tá nóiméid uile an leabhair seo imithe thart. Nóiméid agus íomhánna a chaillfí i monabhar fiabhrasach imeachtaí an domhain murach gur scríobhadh síos anseo iad. Scríobhadh síos iad le go mbeidís ina ndroichead idir mo dhomhansa agus do dhomhansa. Droichead ó mo dhomhansa, sa nóiméad a bhfuil na habairtí seo á scríobh agam, go dtí do dhomhansa, sa nóiméad a suíonn tú síos lena léamh. Mise, ón taobh seo, ag roiseadh snáithe na bhfocal, agus tusa, ón taobh eile, ag cruinniú na bhfocal chugat. Mar a bhíodh sé nuair a bhíomar inár bpáistí, nuair a d'fhuasclódh Maman an olann as na seanéadaí agus thógaimisne an snáithe agus shiúlaimis ar fud an tí sa chaoi nach gcarnfadh an olann ar a chéile. B'fhéidir gur tháinig do ghlúinse cúpla bliain rómhall don domhan olla úd, ach samhlaigh: tráth dá raibh, i gcúinne éigin den domhan, is mar seo a bhíodh caitheamh aimsire na bpáistí. Anois roisim snáithe na bhfocal, agus tóg leat iad isteach i do dhomhan féin, sa chaoi nach gcarnfaidh siad anseo, i mo dhomhansa.